Clodagh Doyle
Coimeádaí, Rannán Shaol na Tuaithe
Tá Clodagh Doyle ag obair le Bailiúchán Shaol na nDaoine d’Ard-Mhúsaem na hÉireann ó bhí 1995 ann, agus tá sí ag obair anois i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, an ceathrú músaem de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Tá céim aici sa Bhéaloideas agus sa tSeandálaíocht agus rinne sí tráchtas Máistreacha ar Throscán Traidisiúnta Teallaigh.
Is í an coimeádaí is faide seirbhíse í agus bhí cúram uirthi le linn a gairmré as na bailiúcháin seo a leanas: Nósanna Féilire, Reiligiún, Spórt & Caitheamh Aimsire, An Óige, Teicstílí, Ceirmeacht & Gloine.
D’oibrigh sí i láithreacha an Mhúsaeim i mBaile Átha Cliath agus ar na taispeántais tionscnaimh ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath. Bhí ról lárnach aige i mbunú, forbairt agus cóiriú Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe agus in aistriú Bhailiúchán Shaol na nDaoine go dtí an stóras agus na gailearaithe nua i gCo. Mhaigh Eo in 2001.
Rinne sí coimeádaíocht ar na buantaispeántais ghailearaí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe agus ar os cionn tríocha taispeántas shealadacha; tugadh dhá cheann díobh – ‘Down Memory Lane’ (Síos Bóithrín na Smaointe) agus ‘Hair Hurling Balls’ – ar camchuairt ar fud na hÉireann.
Ceapadh Clodagh a chuireann spéis ar leith sa bhéaloideas, san eitneolaíocht, i ndéantáin agus sa Mhúsaem, ina coimeádaí ar Rannán Shaol na nDaoine in 2020.
Noel Campbell
Coimeádaí
Coimeádaí Cúnta Grád 1. Thosaigh Noel Campbell ag obair in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe in 2001. Is iarchéimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus COBÁC é agus tá céim aige sa stair agus sa seandálaíocht. Is é údar A History of Castlebar: Municipal Government 1613-2014 (2014). Tá Noel freagrach as Bailiúcháin na mBád, Iascaireachta, Sealgaireachta, Talmhaíochta agus Iompair de Thalamh.
Liam Doherty
Coimeádaí
Chuaigh Liam Doherty le hArd-Mhúsaem na hÉireann in 2001 agus is céimí é ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag a bhfuil MA sa Stair. Tá Liam freagrach as na Bailiúcháin Féiniúlachta, Creideamh & Reiligiúin, Miondíola agus Bia, Tráchtála agus Cumarsáide agus Ailtireachta Dúchasaí.
Tiernan Gaffney
CoimeádaíChuaigh Tiernan Gaffney le Rannóg Shaol na Tuaithe in 2022. Tá céim aige i Léiriú an Cheoil Chruthaithí(IADT - an Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta) agus rinne sé MA i mBéaloideas na hÉireann agus san Eitneolaíocht (COBÁC) ina dhiaidh sin. Ba é ábhar a thráchtais pobail a chruthú agus a cheangal laistigh de spásanna comhroinnte. Dámhadh Scoláireacht Máire MacNeill air ag COBÁC. Tá Tiernan freagrach as na Bailiúcháin Ceardaíochta, Ceirdeanna agus Gairmeacha agus as na Bailiúcháin um Cheangail Shóisialta, Spóirt agus Dhaonna.
Oein DeBhairduin
Bailitheoir Chultúr na dTaistealaithe, Grád Coimeádaí Cúnta II
Chuaigh Oein le hArd-Mhúsaem na hÉireann i Márta 2022. Roimhe sin d’oibrigh Oein leis an FSS agus bhí sé ina mhaoirseoir agus ina bhainisteoir ar Ionad Oiliúna agus Oideachais Naomh Oilibhéar i gCnoc na Seamar, Cluain Dolcáin, ar feadh naoi mbliana. Ba é an chéad duine ón bpobal Mincéirí/Taistealaithe chun oibriú san Oireachtas, agus ghlac sé páirt i gcúrsaí a bhain le hionchuimsitheacht oideachais agus beartas um chearta cultúrtha. Laistigh de AMÉ díríonn sé ar bhailiúchán a fhorbairt a bhaineann go sainiúil le Taistealaithe, agus é faoi threoir an phobail dhúchasaigh, eitnigh, mionlaigh agus é tacaithe agus aitheanta aige an bpobal sin. Is údar é a bhfuil saothar dá chuid foilsithe ar Bhéaloideas Mincéirí/ Taistealaithe, agus tá sé ina bhall seanbhunaithe ina lán eagraíochtaí Taistealaithe amhail Leas-Chathaoirleach roimhe seo ar Ghluaiseacht Thaistealaithe na hÉireann, Ball Comhairle de Mhincéirí Whidden agus ball de bhunaitheoirí Tome Tori, an grúpa labhartha Gaimise-Caintise (Seiltise).
Hannah Gallagher
CoimeádaíChuaigh Hannah Gallagher le Rannóg Shaol na Tuaithe in 2025. Tá céim aici sa Bhéarla agus Stair ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, mar aon le MA in Oidhreacht Chultúrtha agus Léann Músaeim ó Ollscoil Uladh.
Is scéalaí oilte í, a bhfuil spéis ar leith aici i scéalta taibhsí, agus tá a croí istigh san éide agus sa ghúnadóireacht stairiúil. Tá Hannah freagrach as an mBailiúchán Éadaí, Teicstílí, Seodra agus Oiriúintí Gaolmhara
Tim Heanue
Cúntóir Bailiúchán
Chuaigh Tim le Rannóg Shaol na Tuaithe in 2026 agus tá sé ag obair do AMÉ ó 2024 i róil éagsúla. Tá BA sa Stair agus Seandálaíocht aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar aon le hArd-Dioplóma in Anailísíocht Sonraí ó Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, chomh maith le taithí roinnt blianta sa tionscal oidhreachta. Cuireann Tim tacaíocht ar fáil ar fud an bhailiúcháin, cuidíonn sé le cúram don bhailiúchán, agus cuireann sé tacaíocht ar fáil do thaispeántais agus cuidíonn sé le taighdeoirí.