Scipeáil chuig ábhar

Na 10 Rud is Fearr le Feiceáil

Na 10 Rud is Fearr le Feiceáil ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht

1. Cailís Ardach

Is ceann de na seoda is iontaí í Cailís Ardach den luath-eaglais in Éirinn. Tá sí ina cuid de thaisce réad arna fáil ag fear óg sa 19ú haois nuair a bhí sé ag baint prátaí gar d’Ardach, Co. Luimnigh. Baineadh úsáid aisti chun fíon na hEocairiste a thabhairt amach le linn cheiliúradh an Aifrinn. Tugtar gréithe ó dheireadh ré na Rómhánach chun cuimhne leis an gcailís ach is modh Éireannach é modh a déanaimh.

Leigh Nios mo

2. Dealg na Teamhrach

Níor thángthas ar an dealg seo i dTeamhair ach gar don chladach ag Baile an Bhiataigh, Co. na Mí, i 1850. In éineacht lena leithéid de sheoda amhail Cailís Ardach agus Paiteana Dhoire na bhFlann, is féidir Dealg na Teamhrach a mheas mar bhuaicphointe éachtaí ghaibhneoirí Éireannacha na luath-mheánaoise. Tá gach gné aonair an mhaisiúcháin déanta go foirfe agus tá raon na dteicnící atá léirithe ar réad chomh beag sin dochreidte.

Leigh Nios mo

3. Paiteana Airgid Dhoire na bhFlann

Cosúil le Cailís Dhoire na bhFlann, tá an paiteana airgid seo ina chuid de thaisce soithí altóra a fuarthas ag Doire na bhFlann, an Lorga, Co. Thiobraid Árann. Baineadh úsáid as paiteanaí chun an Eocairist a choinneáil agus bhí siad le fáil go coitianta i ré níba dhéanaí na Rómhánach, ach ní mhaireann ach roinnt eiseamláirí ó Éirinn na luath-mheánaoise.

Leigh Nios mo

4. Cros Chonga

Rinneadh Cros Chonga sa bhliain 1123 chun píosa den Fhíor-Chros a chásáil a tugadh go hÉirinn agus a taispeánadh in áiteanna éagsúla timpeall na tíre. Tugtar an t-ainm sin ar an gcros mar coimeádadh í sa Mhainistir Agaistíneach ag Conga, Co. Mhaigh Eo, ar feadh na gcéadta bliain.

Leigh Nios mo

5. Fear Chluain Uí Chaomháin

Cuireadh Tionscadal Taighde na gCorpán Portaigh AMÉ ar bun in 2003 tar éis coirp arna leasú i bportach a aimsiú i láir na hÉireann. Tríd an tionscadal rinneadh scrúdú eolaíochta ar an gcorp agus rinneadh é a thaifeadadh agus foireann saineolaithe ildisciplíneacha á húsáid. Sa taispeántas pléitear torthaí an imscrúdaithe sin agus dírítear aird freisin ar an dóigh a bhfuil an corp ina chuid de thraidisiún i bhfad níos leithne ar fud Iarthuaisceart na hEorpa maidir le coirp phortaigh.

Leigh Nios mo

6. Im Phortaigh

As na réada iontacha iomadúla uile a caomhnaíodh i dtalamh phortaigh na hÉireann, tá im ar cheann de na réada is líonmhaire agus is aistí. Fuarthas im i gcoimeádáin orgánacha lenar áiríodh soithí adhmaid snoite ar a ndearnadh cúipéireacht, i soithí leathair agus i soithí coirte nó caolaigh coill. Taispeánadh trí dhátú radacarbóin go raibh daoine ag cur ime i bportaigh na hÉireann ón gCré-umhaois go dtí tréimhse dheireadh na meánaoise.

Leigh Nios mo

7. Taisce Chagála Beag

Is é atá i gceist le Taisce Chagála Beag ná dhá dhiosca (gréine) óir agus luanla óir (bóna i gcruth corráin) a théann siar go dtí an Chré-umhaois Luath. Fuarthas iad i bportach Chagála Beag, Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin, i 1945, ach rinneadh dearmad orthu go dtí go ndearna an Garda Síochána iad a aisghabháil tar éis robála i gcógaslann i mBéal na mBuillí in 2009.

Leigh Nios mo

8. Saltair an Fheadáin Mhóir

Fuarthas Saltair an Fheadáin Mhóir trí sheans i bportach Thiobraid Árann in 2006 agus rinneadh í a chaomhnú agus a leasú go hoilte i saotharlann chaomhantais an Ard-Mhúsaeim. Is leabhar salm í, a scríobhadh i Laidin. Tá na leathanaigh déanta as craiceann lao agus tá líneáil phaipíre ar an taobh istigh den chlúdach.

Leigh Nios mo

9. Tromáin Luaidhe Mhaisithe

Tá cuid mhór den eolas atá againn faoi Luathré na Lochlannach in Éirinn cuimsithe sna tromáin luaidhe galánta seo. Is tromáin iad a úsáideadh chun críocha trádála, ach tá siad maisithe le píosaí oibre miotail Éireannaí a gearradh suas, is dócha ó obair mhiotail eaglaise. Thángthas orthu in éineacht le meá, in uaigh Lochlannaigh ag Droichead na hInse, Baile Átha Cliath.

Leigh Nios mo

10. Sciath Chré-umha

Téann an sciath iontach seo siar go dtí thart ar 700RC. Thángthas uirthi gar do Loch Goir, Co. Luimnigh Tá sí déanta as leathan buailte cré-umha agus tá hanla seamaithe ar a cúl. Mar gheall ar airm chré-umha ghalánta a fuarthas in Éirinn agus a théann siar go dtí an tréimhse sin, tugtar le tuiscint go raibh uasaicme shóisialta ann a raibh an méid sin saibhris aici go rabhthas in ann réada chomh fíneálta sin a choimisiúnú.

Leigh Nios mo

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444