Scipeáil chuig ábhar

Until June 2027

Cailís Airgid an 9ú haois déag

Saorchead Isteach

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Páirc Thurlaigh ag comóradh bua stairiúil fhoireann peile sinsir Mhaigh Eo i gCraobh na hÉireann trí chailís álainn ón naoú haois déag a chur ar taispeáint, rud nach mbíonn le feiceáil go minic.  

Rinne an ag gabha geal Edmund Johnson an chailís sna blianta 1897–98. Is macasamhail í de Chailís Ardach i gContae Luimnigh, a théann siar go dtí an 8ú haois AD agus is ceann de mhór-thaiscí na hEaglaise luath-Éireannaí í.

Aithneoidh go leor daoine dearadh na cailíse mar dhearadh Chorn Mhig Uidhir, a bhronn an CLG ar fhoireann Mhaigh Eo a bhuaigh an comórtas an samhradh seo. Tá Corn Mhig Uidhir bunaithe ar Chailís Ardach, atá ar taispeáint go buan in Ard-Mhúsaem na hÉireann ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath.

Léiríonn an chailís atá ar taispeáint ag Páirc Thurlaigh scileanna ceardaíochta an-chasta. Tá dhá hanla uirthi agus tá sí maisithe go galánta le fíolagrán, le snaidhmobair Cheilteach agus le himeall lárnach ar a bhfuil scríbhinn.

Rinne an gabha geal Matthew Staunton Corn Mhig Uidhir atá bunaithe ar dhearadh Chailís Ardach thar ceann chomhlacht Hopkins agus Hopkins as Baile Átha Cliath, agus bronnadh é ar an CLG sa bhliain 1928.

Suíomh:


Cailís Airgid an 9ú haois déag suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Féach ar mhacasamhail álainn de Chailís Ardach – inspioráid Chorn cáiliúil Mhig Uidhir.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Páirc Thurlaigh

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755