Until September 2026
Beir Bua
Free Admission
Tá béar donn, ar thug cuairteoirí an Mhúsaeim Beir Bua uirthi, ar taispeáint ag Páirc Thurlaigh i gCo. Mhaigh Eo. Tá Beir Bua mar chuid den taispeántas Crónán na mBeach.
Bhí sé ar taispeáint cheana i mBailiúchán Stair an Dúlra de chuid an Mhúsaeim i mBaile Átha Cliath.
Luaitear béir le beacha agus mil leis na cianta agus tá milchobur (dúil sa mhil) ar cheann de na hainmneacha ársa Gaelacha ar bhéar.
Beidh cuairteoirí an-tógtha leis an taispeántán seo, dar linn. Tá fionnadh bándonn ar an mbéar baineann as Alasca, í ina seasamh ar a cosa deiridh agus a crúba fada sínte i dtreo an chuairteora.
Mhair béir dhonna in Éirinn tráth. Cé gur díothaíodh béir fhiáine sa tír seo na mílte bliain ó shin, tugadh líon beag díobh go hÉirinn ó am go chéile le bheith ina bpeataí andúchasacha, le bheith sa sorcas nó le haghaidh spóirt fola.
Bhí peata béir ag George Robert Fitzgerald, fear ar tugadh ‘Fighting Fitzgerald’ air freisin, ag deireadh an 18ú haois i bPáirc Thurlaigh – baile dúchais mhuintir Fitzgerald tráth ach is láithreán de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann é na laethanta seo. Bhí Fitzgerald lán d’aer an tsaoil, lean conspóid i gcónaí é, agus deirtear gur cheangail sé a athair féin den pheata béir tráth. Ciontaíodh Fitzgerald ní ba dhéanaí i gcomhcheilg chun aturnae a athar a dhúnmharú agus crochadh é i gCaisleán an Bharraigh sa bhliain 1786.
Léiríonn iontaisí a aimsíodh in uaimheanna na hÉireann gur mhair béir in Éirinn ar feadh na mílte agus na mílte bliain, ó 40,000 bliain roimh an am i láthair (BP) go dtí 3,100 BP.
Mhair siad anseo go príomha ag tráthanna nuair nach raibh aon oighear sa tír, agus is iomaí uair a tháinig méadú ar an líon díobh sa tír sna tréimhsí sin. Tugann an dáta 3,100 BP (an dáta deireanach a mhair siad sa tír) le fios go raibh tréimhse ann inar mhair na chéad lonnaitheoirí agus na béir taobh le chéile ar an oileán seo. Fuarthas iarsmaí béar in an-chuid contaetha, Pluaiseanna na hAille Buí, Contae an Chláir; Uaimh Chaisleán an Phúca, Contae Chorcaí; agus Poll na mBéar, Contae Liatroma ina measc.
Tá an béar ar taispeáint ar Leibhéal A sna gailearaithe taispeántais de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann i bPáirc Thurlaigh.
Suíomh:
Beir Bua suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31
Tá béar donn, ar thug cuairteoirí an Mhúsaeim Beir Bua uirthi, ar taispeáint ag Páirc Thurlaigh i gCo. Mhaigh Eo. Tá Beir Bua mar chuid den taispeántas Crónán na mBeach.
Páirc Thurlaigh
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755