Portráidí den Bhaile
Saorchead Isteach
Tugann daoine ‘baile’ ar áit éigin, ach cad é go díreach atá i gceist leis sin? Sin í an cheist a ritheann le daoine ag taispeántas nua grianghrafadóireachta agus fuaime ar chloisteáil dóibh guthanna daoine a bhfuil cónaí orthu i gContae Mhaigh Eo agus iad ag déanamh plé ar a bhfuil i gceist le braistint chómhuintearais.
Beidh Portráidí den Bhaile ar taispeáint ar leibhéal B de na gailearaithe taispeántais ón 2 Samhain 2026 ar aghaidh.
Daoine as an-chuid cúlraí difriúla a bhí sna rannpháirtithe - rugadh cuid acu san áit, rugadh cuid eile acu in áit éigin eile ach bhog siad go Maigh Eo, ach tá tuiscint ag cuid mhaith acu ar a bhfuil i gceist le cur fúthu in áit amháin agus ceangail a choimeád le háit eile ag an am céanna.
Tá taifeadtaí gearra fuaime de mhachnamh na rannpháirtithe ag gabháil leis na portráidí; is féidir le cuairteoirí éisteacht le focail na rannpháirtithe féin agus iad ag caint faoina gcuimhní cinn, faoi chúrsaí féiniúlachta, teaghlaigh, imirce agus pobail, faoi imeascadh le pobal nua agus, faoi réad a chuireann an baile i gcuimhne dóibh agus faoi na bealaí éagsúla chun socrú isteach in áit.
Léirítear taithí saoil na ndaoine sa taispeántas Portráidí den Bhaile ach dírítear ar na cosúlachtaí eadrainn seachas ar na difríochtaí. B’fhéidir go dtugann tú ‘baile’ ar an áit inar rugadh tú, nó ar an áit ina bhfuil cónaí ort faoi láthair, nó ar áit éigin eile idir eatarthu, ach tar éis duit na scéalta seo a chloisteáil, beidh fonn ort machnamh a dhéanamh ar na ceangail atá eadrainn go léir.
Fuair an tionscadal seo tacaíocht ó Ionad Acmhainní Teaghlaigh Chathair na Mart, agus maoiniú ón gCiste Náisiúnta Lánpháirtíochta.
Suíomh:
Portráidí den Bhaile suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31
An taispeántas nua grianghrafadóireachta agus fuaime ar chloisteáil dóibh guthanna daoine a bhfuil cónaí orthu i gContae Mhaigh Eo agus iad ag déanamh plé ar a bhfuil i gceist le braistint chómhuintearais
Páirc Thurlaigh
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755