Temporary Exhibition
Aislingí Cairtíní Bosca Gallúnaí in Éirinn sna 1950idí
Admission free
Cuimhnítear ar 1956 mar bhliain eachtrúil ó thaobh na staire de. Ar an ardán idirnáisiúnta ba bhliain í inar tharla Géarchéim Shuais, ceannaircí san Ungáir agus sa Pholainn agus pósadh Grace Kelly le Prionsa Rainier Mhonacó. Mar gheall ar albam ceannródaíoch na bliana de chuid Elvis Presley chualamar ‘Hound Dog’, ‘Blue Suede Shoes’ agus ‘Heartbreak Hotel’. I saol an spóirt, bhí briseadh croí de chineál eile ag Corcaigh nuair a chaill an contae trí Chluiche Ceannais na hÉireann sa pheil ghaelach, sa chamógaíocht agus san iomáint. I dtreo dheireadh na bliana bhain Ronnie Delaney nach maireann glóir an spóirt amach nuair a bhuaigh sé bonn óir ar son na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha i Melbourne.
Agus sa tír seo, ach aisling faoi ghlóir an spóirt aige freisin, chuir Joseph Moran óg a chairtín Bosca Gallúnaí ag rásaíocht i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo.
Chun níos mó a fháil amach faoi scéal Joseph agus faoi scéal rásaíocht cairtíní Bosca Gallúnaí, cliceáil ar na naisc thíos.
Suíomh:
Aislingí Cairtíní Bosca Gallúnaí in Éirinn sna 1950idí suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31
Sa taispeántas seo insítear scéal aislingí na hóige faoi ghlóir an spóirt ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Lean na naisc thíos chun níos mó a fháil amach.
Cliceáil ar na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais.
Páirc Thurlaigh
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755