Taispeántas Sealadach
Crónán na mBeach
Saorchead Isteach
Faigh amach faoi shaol iontach bheacha na hÉireann. Faigh amach faoi éagsúlacht dhochreidte de bhreis agus 100 speiceas beach dúchasach agus faigh amach faoin tábhacht a bhí ag beacha le linn stair na hÉireann - lena n-áirítear scéal Naomh Gobnait, naomhphátrún na mbeach in Éirinn.
Tugann samplaí Stair an Dúlra léargas ar leith do chuairteoirí ar shaol casta, agus iontach go minic, na mbeach agus déanann ábhar shaol na tuaithe machnamh ar stair na beachaireachta in Éirinn.
Tá samplaí de gach speiceas beach is féidir a fháil in Éirinn sa taispeántas, chomh maith le beacha agus feithidí eile ó gach cearn den domhan. Foghlaim faoi na difríochtaí idir beacha meala, bumbóga, agus éagsúlacht iontach na mbeach aonair a bhfuil ról tábhachtach acu inár n-éiceachórais.
Áirítear le buaicphointí an taispeántais:
-
Beir Bua - béar donn ó Bhailiúchán Stair an Dúlra i mBaile Átha Cliath
-
Ábhar shaol na tuaithe a bhaineann le stair na beachaireachta in Éirinn
-
Mionsamhail lánléargais a sainchoimisiúnaíodh a léiríonn feidhmiú inmheánach na coirceoige
-
Léargas ar ómós Naomh Gobnait leis na céadta bliain
-
Neadacha caomhnaithe na mbeach aonair, na mbumbóg, agus speiceas feithidí sóisialta eile
-
Taispeántas beach agus creachadóirí, lena n-áirítear sampla den Chornfhoiche Áiseach
-
Saothair ealaíne agus réada atá bunaithe ar bheacha a léiríonn na ceangail chultúrtha agus chruthaitheacha atá againn le beacha
Is féidir le cuairteoirí féachaint ar bheacha meala na hÉireann ag eitilt isteach agus amach as coirceoga dín gníomhacha ón láthair amhairc gloine triantánach ar féidir an gairdín fraoigh dín a fheiceáil uaithi. Tugann beachairí áitiúla aire do na coirceoga seo.
Suíomh:
Crónán na mBeach suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31
Faigh amach faoi thionchar fí orspéisiúil bheacha na hÉireann ar ár gcultúr agus ar ár dti mpeallacht
You might also like:
Páirc Thurlaigh
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755