1. On Sight 2023: Bealach ealaíne an tSamhraidh
Breathnaigh ar bhealach ealaíne iontach nua amuigh faoin aer an samhradh seo ar thailte Pháirc Thurlaigh le haghaidh On Sight 2023.
Leigh Nios mo2. Bí spreagtha ag mionsonraí casta The Keep Well Glass Quilt
Saothar iontach ealaíne a bhainfidh stad asat is ea A Breath of Fresh Air - The Keep Well Glass Quilt a rinne baill de Chumann Gloine na hÉireann le linn 3ú babhta COVID-19 agus an 2 sheachtain dianghlasála déag ina dhiaidh sin.
Leigh Nios mo3. Téigh ar thuras poiblí trí ghailearaithe an Mhúsaeim, trí Theach Pháirc Thurlaigh agus trí Ghairdíní Coillearnaí
Gluais leat siar sa seansaol agus déan iontas de chumas nuálaíochta agus seasmhachta ár sinsear faoin tuath atá le feiceáil i mBailiúcháin Shaol Tíre na hÉireann. Faigh amach níos mó faoi shaol mhuintir Mhic Gearailt agus foghlaim faoi stíl ailtireachta Theach Pháirc Thurlaigh agus na gairdíní Coillearnaí.
Leigh Nios mo4. Foghlaim tuilleadh faoi George Robert Fitzgerald na Troda
Ba í Páirc Thurlaigh baile dúchais mhuintir Mhic Gearailt, ar tugadh an t-eastát dóibh faoi phlandáil Chromail i lár an tseachtú haois déag. Foghlaim tuilleadh faoin ‘teach mór’ seo agus faigh amach faoin gcaoi ar tugadh an ‘Fighting Fitzgerald’ ar an mball teaghlaigh míchlúiteach seo!
Leigh Nios mo5. Déan Bailiúchán Shaol Tíre na hÉireann a scrúdú
Gluais leat siar san am atá thart agus tum tú féin i stíleanna maireachtála, nósanna agus traidisiúin ár sinsear faoin tuath a léirítear trí réada, taispeántais idirghníomhacha fuaime agus amhairc, grianghraif fánacha agus scannáin chartlainne atá le feiceáil ar cheithre urlár ár ngailearaithe nua-aimseartha taispeántais.
Leigh Nios mo6. Bain taitneamh as rud éigin milis i gcaifé an Mhúsaeim
Is é Caifé Synge & Byrne an áit fhoirfe chun do scíth a ligean agus d’anáil a tharraingt le linn do chuairte ar an Músaem - Cuireann sé biachlár ar fheabhas ar fáil ar a bhfuil roghanna i gcomhair bricfeasta, lóin, béilí do pháistí agus sailéid bhlasta aitheantais, in éineacht le roghanna milse óna bhácús inmheánach.
Leigh Nios mo7. Téigh ar turas dúlra le duine dár dtreoraithe a bhfuil an-taithí acu
Féach ar an gcaoi a dtéann an samhradh i bhfeidhm ar chrainn, ar phlandaí agus ar ainmhithe. Foghlaim faoi na séasúir agus an bhaint atá acu le turas an domhain tríd an spás. Faigh amach faoi aeráid mheasartha na hÉireann agus an fáth a bhfuil sí cosúil le haeráidí eile ar fud an domhain agus an-difriúil le cinn eile.
Leigh Nios mo8. Déan cuairt ar an Músaem a chomhcheangal le timthriall Glasbhealaí
Ritheann Féarbhealach Chaisleán an Bharraigh go Turlach taobh le hAbhainn Chaisleán an Bharraigh agus téann sé trí chodanna síochánta tuaithe agus coillearnaí agus tá go leor áiteanna suimiúla ar an mbealach. Tagann an bealach chomh fada le tailte iontacha Pháirc Thurlaigh.
Leigh Nios moPáirc Thurlaigh
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31
+353 94 903 1755