Dé Domhnaigh 26 Iúil 14:00 -16:00, Teaghlaigh, aoiseanna 7+
Buail isteach ag Saotharlann an Zú Mhairbh
Saor
Buail isteach ag an gCrios Fionnachtana i Saotharlann an Zú Mhairbh i nDún Uí Choileáin le haghaidh imeacht speisialta dátheangach. Tá fáilte roimh an gclann ar fad a bheith ag foghlaim faoi ainmhithe den trá trí Ghaeilge.
Ní gá áirithint a dhéanamh ach d’fhéadfá a bheith achar gearr ag fanacht. Feiliúnach do Theaghlaigh. Oiriúnach do chathaoireacha rothaí. Caithfidh tuismitheoir nó duine fásta atá in loco parentis maoirseacht iomlán a dhéanamh ar leanaí i rith na hócáide.
Le linn na hócáide buail isteach seo beidh tú in ann...
-
A bheith ag foghlaim faoi ainmhithe éagsúla a bíonn ina gconái ag an trá anseo in Éirinn.
-
Do lámh a leagan ar na bailiúcháin atá againn de rudaí cearta agus a rudaí macasamhlacha agus iad a scrúdú go grinn.
-
Labhairt le hOideachasóir sa Mhúsaem agus ná bíodh aon drogall ort na ceisteanna móra atá agat a chur orthu.
-
An t-ainmhí is fearr leat atá ar taispeáint a roghnú ar an mbileog gníomhaíochta cruthaithí féintreoraithe ghearr.
Céard a bhíonn i gceist le himeacht buail isteach i Saotharlann an Zú Mhairbh?
Bíonn na himeachtaí buail isteach ar siúl sa Chrios Fionnachtana sa ghailearaí oscailte i Saotharlann an Zú Mhairbh. Dhá uair an chloig a bhíonn i gceist le gach imeacht buail isteach agus bíonn gníomhaíocht ghearr, a mhaireann idir 5 agus 10 nóiméad, le hOideachasóir sa Mhúsaem mar chuid de. Bíonn gach gníomhaíocht spreagtha ag bailiúcháin stair an dúlra sa Mhúsaem. Is éard a bhíonn i gceist leis an ngníomhaíocht ghearr go hiondúil ná go mbeidh deis ann nithe cearta agus macasamhlacha a fheiceáil agus a scrúdú, nithe amhail fionnadh, cnámha nó iontaisí. Is féidir leat bileog gníomhaíochtaí féintreoraithe agus peann a fháil ag deireadh na gníomhaíochta chun an t-ainmhí is fearr leat atá ar taispeáint i Saotharlann an Zú Mhairbh a roghnú agus pictiúr de a tharraingt.
Is imeacht dátheangach é seo agus is féidir leat a bheith páirteach ann i nGaeilge nó i mBéarla.
Dátaí agus Amanna
Dé Domhnaigh 26 Iúil, 14:00 -16:00 - Ainmhithe den Trá (Imeacht Dátheangach)
Bain Triail as ár mBileog Gníomhaíochta!
Bain triail as ár mbileog gníomhaíochta ar fáil gach lá i Saotharlann an Zú Mairbh: An tAinmhí is Fearr Liom
Má tá aon cheisteanna agat faoi na himeachtaí seo déan teagmháil linn ar an ríomhphost educationnh@museum.ie
Drop in to the Discovery Zone in the Dead Zoo Lab at Collins Barracks for a special bilingual event. Bring the family along and learn about beach wildlife through Irish.
No booking required but there may be a short waiting time. Suitable for Families. Wheelchair accessible. Children must be fully supervised by a parent or adult who is in loco parentis.
During the drop-in event you can...
-
Learn about different animals that live at the beach here in Ireland.
-
Touch and inspect up close the handling collections of real and replica things.
-
Have a chat with a Museum Educator and don't forget to ask them your curious questions.
-
Choose your favourite animal on display in a short self-guided creative activity sheet.
What is a drop-in event at the Dead Zoo Lab?
Drop-in events are located in the Discovery Zone in the open gallery of the Dead Zoo Lab. Each drop-in takes place over two hours and features a short activity that last 5-10 mins with a Museum Educator. Each activity is inspired by the natural history collections in the Museum. The short activity usually involves seeing and touching real and replica handling objects such as furs, bones or fossils. At the end of the activity you can pick up a self-guided activity sheet and pencil to choose and draw your favourite animal on display in the Dead Zoo Lab.
This event is bilingual and you can participate through either Irish or English.
Dates and Times
Sunday 26 July, 14:00 - 16:00 - Beach Animals (Bilingual Event)
Try our Activity Sheet!
Try our activity sheet available everyday in the Dead Zoo Lab: An tAinmhí is Fearr LiomIf you have any questions about these events please contact educationnh@museum.ie
Suíomh:
Buail isteach ag Saotharlann an Zú Mhairbh suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4
Buail isteach ag an gCrios Fionnachtana i Saotharlann an Zú Mhairbh i nDún Uí Choileáin le haghaidh imeacht speisialta dátheangach
Ealaíona Maisiúla & Stair
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4
+353 1 677 7444