-
An leathnú is mó ar na gailearaithe poiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann le breis agus scór bliain
-
Tá Fender Stratocaster íocónach de chuid Rory Gallagher (1961) ar cheann de bhreis is 250 réad atá ar taispeáint ó Bhailiúchán an 20ú agus an 21ú hAois
-
Gailearaithe atá deartha chun freastal ar athruithe rialta ar thaispeántais - Bailiúchán atá ag athrú, d'Éirinn atá ag athrú
Le foilsiú láithreach: Ar Toirmeasc, 11.30am 15 Deireadh Fómhair, 2025: Seolfar Gailearaithe d'Éirinn atá ag Athrú go hoifigiúil ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin inniu, agus is é an leathnú is mó ar ghailearaithe poiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann le breis agus scór bliain.
Tabharfaidh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Trádála agus Cosanta, Simon Harris, T.D., cuairt ar an Ard-Mhúsaem chun na gailearaithe a oscailt go hoifigiúil ar maidin, i bhfochair an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., agus an Aire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe, Kevin Boxer Moran T.D., a bhfuil cúram air as Oifig na nOibreacha Poiblí.
Le maoiniú caipitil ó Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán Céad Bliain de chuid na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí, osclaítear na gailearaithe nua tar éis athchóiriú iomlán ar chuid de Dhún Uí Choileáin nár athchóiríodh ó imeacht Óglaigh na hÉireann beagnach 30 bliain ó shin.
Beidh na céadta réad polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha ó Bhailiúcháin an 20ú agus an 21ú hAois le feiceáil i nGailearaithe d'Éirinn atá ag Athrú - idir réada neamhghnácha agus réada laethúla a bhí mar chuid den saol le 150 bliain anuas. Ar dhul isteach sna gailearaithe, tugtar cuireadh do chuairteoirí machnamh a dhéanamh ar na réada agus ar an gceist, ‘Cén chiall atá ag Éirinn duitse?’
Ag teacht le mian an Mhúsaeim taispeántais dhinimiciúla agus tarraingteacha a fhorbairt, dearadh na gailearaithe nua go cúramach chun freastal ar athruithe rialta sa taispeántas, rud a thabharfaidh rochtain gan fasach níos fearr ná riamh don phobal ar an mbailiúchán, agus a thacóidh le caomhnú fadtéarmach na n-ábhar.
Chun cuimsitheacht níos mó a chumasú, cuirfear fáilte roimh raon peirspictíochtaí agus guthanna éagsúla trí thionscadail chomhchoimeádta, físagallaimh, agus idirghabhálacha ealaíonta. Tá coimisiúin nua, lena n-áirítear filíocht le Paula Meehan, fite fuaite trí 426 méadar cearnach na seomraí idirnasctha, agus cuirfidh sé gné liriceach leis na gailearaithe.
Beidh formhór na gcéadta réad atá le feiceáil ar taispeáint den chéad uair agus áirítear leo Fender Stratocaster íocónach de chuid Rory Gallagher (1961), agus roinnt réad pearsanta a thugann léargas ar phríomhphearsana i stair pholaitiúil na hÉireann le déanaí amhail sealúchais phearsanta phríomhphearsana Éirí Amach 1916 a cuireadh chun báis i gCill Mhaighneann, lainseálaí roicéad RPG7 díchoimisiúnaithe a d'úsáid an IRA le linn na dTrioblóidí (1970idí), agus crios Ord Oráiste.
I measc na réada a léiríonn réaltacht shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha shaol laethúil na hÉireann tá foireann tae atá plátáilte le hairgead a bronnadh ar bhean as Maigh Eo, Mary Staunton, tar éis di éirí as a post mar gheall ar Bhac Pósta na hÉireann (1972), chomh maith le teilifís dhubh agus bán (1981) a bhain le teaghlach sa Phoblacht a smuigleáil trasna teorainn Thuaisceart Éireann é, rud a bhí coitianta ag an am.
Léirítear ealaín agus cultúr i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear, mar shampla, criadóireacht ón ealaíontóir Kathleen Cox (1930idí) as Baile Átha Cliath agus scáileán feistithe le Susan Mary ‘Lily’ Yeats (1920idí).
Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Trádála agus Cosanta, Simon Harris, T.D.: “Tugann na gailearaithe nua seo deis thábhachtach dúinn chun machnamh a dhéanamh ar scéal na hÉireann agus ceangal a dhéanamh léi ar bhealaí úra agus bríocha. Meabhraíonn sé dúinn nach rud statach an stair ach go mbíonn sé ag athrú le gach glúin, á múnlú ag na daoine ar baile dóibh an t-oileán seo.”
Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin T.D.: “Is tionscadal oidhreachta de chuid Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán Céad Bliain iad Gailearaithe d'Éirinn atá ag Athrú agus is fianaise iad ar chumhacht an mhachnaimh chultúrtha. Cinntíonn an spás nua seo ag an Ard-Mhúsaem go mbeidh ar chumas na nglúnta amach anseo scrúdú a dhéanamh ar stair chasta ár bpobal.”
Dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe, Kevin Boxer Moran T.D., atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí: “D’oibrigh Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhar le hArd-Mhúsaem na hÉireann ar an tionscadal suntasach seo a chuimsigh athchóiriú cúramach ar urlár i nDún Uí Choileáin. Is é an toradh ná spás tarraingteach agus fáilteach a chuireann go mór leis an spás gailearaí atá ann cheana féin ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin.”
Dúirt Cathaoirleach Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann, an tOllamh Cathal Ó Donnachadha; “Is lá suntasach é seo don Ard-Mhúsaem, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Rialtas as an maoiniú chun na gailearaithe a leathnú ar an mbealach seo. Tá na milliúin réad i mbailiúchán an Mhúsaeim, agus ní chuireann an bonneagar fisiceach ar ár gcumas ach cuid bheag díobh sin a chur ar taispeáint ag aon am amháin. Cinnteoidh leathnú ár ngailearaithe agus nádúr an taispeántais nua seo go mbeidh an Músaem in ann níos mó de stair na hÉireann a roinnt le cuairteoirí sna blianta amach romhainn.”
Dúirt Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Lynn Scarff; “Is uair chlaochlaitheach é don Ard-Mhúsaem oscailt na nGailearaithe d'Éirinn atá ag Athrú. Léiríonn sé an treo nua atá leagtha amach inár bPlean Straitéiseach sa mhéid is go bhfuil dírithe ar réada, neamhlíneach, agus taiscéalaíoch, agus é mar aidhm againn áit tearmainn agus iontais a chur ar fáil gan scéalta réamhchinnte. Trí mhórchuid guthanna a áireamh i spásanna na nGailearaithe, d'éirigh linn spás a chruthú a athróidh agus a fhorbróidh agus ina dtabharfar léiriú níos cruinne ar nádúr dinimiciúil stair chomhaimseartha na hÉireann agus a tionchar ó ghlúin go glúin suas go dtí an lá atá inniu ann. Is cuireadh do chuairteoirí iad na gailearaithe ceangal a dhéanamh leis an stair ar a dtéarmaí féin agus an chiall atá ag Éirinn dóibh féin a scrúdú.
Dúirt Brenda Malone, Príomhchoimeádaí Ghailearaithe d'Éirinn atá ag Athrú; “Dearadh na gailearaithe le gur féidir réada a rothlú go rialta, a chabhróidh linn na déantáin thábhachtacha seo a chaomhnú do na glúnta atá le teacht agus a chinntiú go bhfanann na gailearaithe dinimiciúil agus go dtugann siad peirspictíochtaí úra ar stair nua-aimseartha na hÉireann i gcónaí. Baineann na gailearaithe leas as eispéiris chéadfacha freisin, agus úsáidtear ceol, amharcléiriú, agus suiteálacha closamhairc tumtha chun comhthéacs, giúmar agus uigeacht a chur leis an taispeántas.”
Beidh Gailearaithe d'Éirinn atá ag Athrú in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, ar oscailt don phobal ón 16 Deireadh Fómhair 2025. Saorchead isteach!
ENDS
Teagmhálaithe Meán
Q4 Caidreamh Poiblí Sinéad McGovern sinead@q4pr.ie 0876411725 / Sabrina D/Angelo sabrina@q4pr.ie 0860323397
Íomhánna
- Tá íomhánna ardtaifeach ar fáil anseo
- Cuirfidh Julien Behal an ghrianghrafadóíreacht ar fáil julienbehalphotography@gmail.com 087 9782542
Nótaí don eagarthóir
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann ar oscailt seacht lá na seachtaine agus tá cead isteach saor in aisce.
I measc na gcéadta réad a bheith ar taispeáint don phobal den chéad uair i nGailearaithe d'Éirinn atá ag Athrú beidh:
- Fender Stratocaster de chuid Rory Gallagher (1948–1995), le mionathruithe pearsanta a rinneadh sna 1970idí agus sna 1980idí, (1961) – an giotár ab ansa le Gallagher, a ceannaíodh ar £100 ó Crowley’s Music Store i gCorcaigh i 1963. Sheinn sé é ó thús deireadh a shaol ceoil, agus léiríonn sé nuálaíocht, seinm dhinimiciúil agus fuaim ar leith an cheoltóra seo.
- Lainseálaí roicéad RPG7 díchoimisiúnaithe, a seoladh go Tuaisceart Éireann ón Meánoirthear, (1970idí) – A d'úsáid an IRA le linn na dTrioblóidí. Tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998, ordaíodh airm pharaimíleata mar seo a dhíchoimisiúnú, cé gur lean sé ar aghaidh go dtí 2010.
- Crios Ord Oráisteach Lóiste Dílis Oráisteach 106, Ballymoyer Co. Ard Mhacha, (deireadh an 19ú haois–tús an 20ú haois) – Siombail aontachtach thábhachtach a chaitear ag paráidí an Oird Oráistigh, le Rí Uilliam III, Bíobla, agus coróin air. Bunaithe an tOrd sa bhliain 1795 agus bhí ról lárnach sa pholaitíocht aontachtach tar éis na críochdheighilte.
- Slipéir d'olann Bheirlín a chaith Micheál Ó Coileáin (1890–1922) – Chaith siad iad agus é i bhfolach i dteach Batt agus Brigid O’Connor i nDomhnach Broc le linn Chogadh na Saoirse. Tar éis a bháis, bhronn Brigid O’Connor ar an Músaem iad, i 1953.
- Culaith a chaith Mary Robinson (r.1944) dá hinsealbhú mar Uachtarán na hÉireann, de dhearadh Louise Kennedy (r.1960) (1990) – Ba shiombail de ghluaiseacht na mban é culaith chorcra Mháire Mhic Róibín. Rinneadh athruithe móra sóisialta lena linn mar Uachtarán, agus rinneadh Ard-Choimisinéir um Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe í ina dhiaidh sin.
- Suaitheantas de Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann a chaith Constance Markievicz (1868–1927) (c.1913) – Suaitheantas práis agus cruain dhearg ar a bhfuil lámh oscailte agus “I.T./1913/W.U.”, a deirtear a chaith an Chuntaois Markievicz le linn Thrioblóidí an Lucht Oibre.
- Galphreas ó Neachtlann Mhaigdiléana Dhomhnach Broc, Baile Átha Cliath, a bhí faoi chúram Shiúracha Reiligiúnacha na Carthanachta, 1837–1992, (monaraithe 1951) – Ba iad mná agus cailíní a bhí faoi ghlas in institiúidí Mhaigdiléana ar chúiseanna ‘moráltachta’ a d'oibrigh an preas seo, comhartha de stair na mí-úsáide institiúidí in Éirinn sa 20ú haois.
- Geansaí aisghairme a chaith an gníomhaí Paula Lyne le linn fheachtas Aisghairm an 8ú (2012–18), arbh í Anna Cosgrave (2016) a dhear – Caitheadh é chun tacú le haisghairm an Ochtú Leasú tar éis bhás Savita Halappanavar. Siombail den dlúthpháirtíocht a bhí ann, a chabhraigh le plé a normalú sular dlíthíodh an ginmhilleadh in 2018.
- Gúna agus brat a chaith Áine Ní Cheanainn (1907–1999), arbh í Neillí Mulcahy a dhear (1925–2012) – Mar an t-aon bhean ar údarás teilifíse 1960, bhí tionchar ag Ní Cheanainn ar ainmniú RTÉ. Rinneadh an gúna, arna spreagadh ag traidisiún na hÉireann, a athrú níos déanaí chun freastal ar ionchais inscne.
- Scáileán feistithe le Susan Mary ‘Lily’ Yeats (1866–1949) (1920idí) – Bróidnithe le tírdhreacha Éireannacha, trína dtaispeántar ealaíontacht Yeats. Trí Dhún Emer Guild agus Cuala Industries, chuir sí féin agus a deirfiúr Elizabeth oiliúint ar mhná agus chomhoibrigh siad lena ndeartháireacha W.B. agus Jack Yeats.
- Criadóireacht Kathleen Cox (1930idí) – Ealaíontóir criadóireachta a bhfuil cáil uirthi as fíoracha agus portráidí. Oileadh í i Scoil Ealaíne Chathrach Bhaile Átha Cliath, agus is minic a rinne a chíor sí saol na mban trí théamaí an mháithreachais, an tsaothair agus na spioradáltachta.
- Cuid d'fhoireann tae plátáilte le hairgead a bronnadh ar Mary Staunton tar éis di éirí as a post mar gheall ar Bhac Pósta na hÉireann (1972) – D’fhág Staunton Comhairle Contae Mhaigh Eo nuair a phós sí, mar a ceanglaíodh le dlí. Bhronn a comhghleacaithe an fhoireann tae uirthi, rud a léiríonn srianta fostaíochta inscneach na ré.
- Teilifís Dhubh agus Bhán (1981) – Bhain sé le teaghlach sa Phoblacht a smuigleáil trasna teorainn Thuaisceart Éireann é.
- An Ghealóg Bhuachair, speiceas atá imithe in éag in Éirinn – Bhí sé coitianta sna hísealchríocha tráth, ach d’imigh sé in éag sna 1990idí mar gheall ar an dianfheirmeoireacht. Chuir an chailliúint seo deireadh le hamhráin chanúnacha uathúla na nGealóg Buachair in Éirinn.