Tá sé dhéantán is fiche nár cuireadh ar taispeáint riamh cheana le feiceáil sa taispeántas seo. Thug an taighde a rinneadh ar na déantáin seo léargas dúinn ar shaol na ndaoine san áit speisialta seo, ina measc bhí lucht cumhachta agus an chosmhuintir a thaistil mar oilithrigh nó a mhair i nGleann Dá Loch. De thaisme a thángthas ar chuid de na déantáin seo, fuarthas cuid eile i dtochailtí seandálaíochta a pleanáladh go cúramach. Is furasta scéalta a shamhlú le déantáin áirithe, leithéidí bróg leathair mná a cailleadh i bportach i nGleann Dá Loch agus biorán maisithe de chuid easpaig san 11ú haois, a rinne a chuid paidreoireachta ar thaobh an tsléibhe gaothshéidte.
The National Museum of Ireland is committed to amplifying women’s stories and will work with the Department to assess the feasibility and funding needs of a potential new facility in Limerick.
Mar chomhartha ómóis, beidh Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara, dúnta don phobal ón 1pm Dé hAoine, an 13 Nollaig. Beidh an tArd-Mhúsaem i nDún Uí Choileáin oscailte mar is gnách Dé hAoine.