Scipeáil chuig ábhar

OnSight 2019

Niamh McCann & 'IMMRAM Pavillion/Mother's Lament'

Nochtadh saothar nua an-álainn dealbhóireachta leis an ealaíontóir Niamh McCann inniu (Dé hAoine, 11 Deireadh Fómhair 2019) i dtailte Ard-Mhúsaem na hÉireann, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Fuair sí spreagadh don saothar ealaíne comhaimseartha gorm agus dearg ó thraidisiúin cheardaíochta na hÉireann – go háirithe tógáil bád agus foirm neamhchoitianta Chathaoir Thuama/Shligigh.

Ceapadh an saothar cois locha trí Onsight – tionscnamh bliantúil ealaíon faoi cheannas Ard-Mhúsaem na hÉireann, Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Scuad Ealaíne Mhaigh Eo. Is é aidhm Onsight deis a thabhairt d’ealaíontóirí agus do chuairteoirí eolas a chur ar na téamaí i mBailiúchán na hÉireann de Shaol na nDaoine trí shaothair ealaíne lasmuigh.

IMRAM Pavillion/Mother’s Lament an teideal atá ar shaothar nua ealaíne Ms McCann. Is tagairt é sin do sheanscéalta Éireannacha i dtaobh turas a dtéann laoch air go dtí an Domhan Eile.

Agus í ag ceiliúradh an nochta oifigiúil:

“Tá súil agam gur déantán agus áit tearmainn i dteannta a chéile a bheidh sa tsuiteáil seo, go gcuirfidh se ceisteanna tráthúla mar gheall ar an traidisiún agus an gceardaíocht a bhfuil tionchar acu ar an ngaol idir an saol atá caite agus saol an lae inniu; cad í an taithí ar spás agus ar struchtúr a mhúsclaíonn braistint den bhaile ionainn; agus conas a chothaítear mothúcháin i dtaobh bheith préamhaithe agus bheith muinteartha le daoine trí mheán deasghnátha agus trí mheán na ceardaíochta.”

Chuir Ceannasaí na mBailiúchán agus na Foghlama in Ard-Mhúsaem na hÉireann, an Dr Audrey Whitty, fáilte roimh an tsuiteáil nua:

“Is mór is fiú Onsight de bhrí go dtugann sé deiseanna d’ealaíontóirí, do chuairteoirí ar an Músaem agus don Mhúsaem féin na Bailiúcháin a chur i láthair ar bhealaí nua, inspreagadh a fháil uathu agus bheith meabhrach ar a dtionchar. Sa chlár seo beidh suiteálacha i dtírdhreach álainn Pháirc Thurlaigh le feiceáil agus iad ag athrú an t-am ar fad, agus tá áthas orainn bheith ag obair i gcomhar le Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, le Scuad Ealaíne Mhaigh Eo agus leis na healaíontóirí a bhí páirteach ann chun na saothair ealaíne suíomhoiriúnacha seo a chur i láthair an phobail.”  

Dúirt Ann Marie McGing, Oifigeach Gníomhach Ealaíon, Comhairle Contae Mhaigh Eo:

“Tá áthas orainn a bheith páirteach in Onsight arís i mbliana agus bheith ag obair le Niamh McCann. Tugann Onsight deis ar leith d’ealaíontóirí saothar a chruthú mar fhreagairt ar Bhailiúchán Náisiúnta Shaol na nDaoine, agus chun taithí na gcuairteoirí ar an mBailiúchán a leathnú.” 

Tá Ms McCann ag obair i mBaile Átha Cliath i Stiúideónna Ealaíontóirí na Seirbhíse Dóiteáin (FSAS).

Tá gradaim éagsúla faighte aici ón gComhairle Ealaíon, agus comhaltachtaí ag Cemeti Arthouse na hIndinéise; HIAP, Cónaitheacht Idirnáisiúnta d’Ealaíontóirí, Heilsincí na Fionlainne, Cónaitheacht Ealaíontóra URRA san Airgintín agus gradaim Perspective agus taispeántas EV+A.

Tá saothair dá cuid in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, in Oifig na nOibreacha Poiblí, i nGailearaí Chathair Luimnigh, i gComhairle Cathrach Swansea, in Institiúid Londan agus i mBailiúchán Hiscox, Londain.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Páirc Thurlaigh

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755