Tionscnamh comhpháirtíochta atá bunaithe le fada é OnSight idir Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Artsquad Mhaigh Eo.
Coimisiúnaítear sa tionscadal ealaíontóirí chun saothair nua a fhorbairt mar fhreagairt do Bhailiúchán Shaol na Tuaithe.
Tá OnSight tagtha chun cinn i measc disciplíní agus torthaí, an amharc-ealaín, suiteáin, taibhiú agus filíocht ina measc. Díreofar in OnSight in 2026-2027 ar an gceol.
OnSight Live! 2026-2027: Fógraíodh Coimisiúnú Ealaíontóirí
Tá áthas ar Sheirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, i gcomhar le hArd-Mhúsaem na hÉireann – Páirc Thurlaigh agus Artsquad Mhaigh Eo, a fhógairt gur seoladh Coimisiúnú Ealaíontóirí spreagúil do OnSight Live! 2026-2027.
Tugtar cuireadh in OnSight Live! d’ealaíontóir ceoil nó do chumadóir gairmiúil saothar nua bunúil a chruthú mar fhreagairt do Bhailiúchán Shaol na Tuaithe agus comhoibriú go cruthaitheach le grúpa ceoltóirí óga chun saothair nua a fhorbairt.
Léigh Níos Mó